Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

A Chéad Chartlannaí ceaptha ag TG4

18.11.21


 
Is mian le TG4 cur leis an rochtain atá ag an bpobal ar chartlann dhigiteach an stáisiúin agus muid ag ceiliúradh 25 bliain ar an aer. Tá taisce luachmhar ilghnéitheach ábhair i gcartlann TG4. Trí fhorbairt a dhéanamh ar an gcartlann dhigiteach, obair atá ar siúl go rialta ó dheireadh na bliana 2011, tugtar cosaint don oidhreacht agus do shaibhreas ábhair.
 

Chuige sin, tá Máire Aoibhinn Ní Ógáin ceaptha ag an stáisiúin ina Cartlannaí TG4. Tá saineolas ag Máire Aoibhinn ar ábhar na cartlainne ina ról mar Bhainisteoir Sceideal TG4 le os cionn fiche bliain. Bhí sí ceannródaíoch i bhforbairtí agus i scéimeanna na cartlainne le tacaíocht an BAI roimhe seo. Beidh sí ag cur leis an taithí sin agus ag cur forbairtí teicneolaíochta agus eagarthóireachta chun cinn chun an chartlann a chur os comhair an phobail amach anseo. Beidh cartlann dhigiteach TG4 ar cheann de na bailiúcháin is leithne agus is suntasaí ar domhan d’ábhar closamhairc i nGaeilge. Beidh sí ag dul i mbun a cuid dualgais nua ar Lá Fhéile Bríde 2022.
 

Is éard a dúirt Máire Aoibhinn Ní Ógáin “Is pribhléid dom an ról nua seo i mo Chartlannaí TG4 a ghlacadh. Is taifead tábhachtach é Cartlann TG4 ar stair na hÉireann agus is foinse eolais í an chartlann sin a léiríonn forbairt na Gaeilge agus oidhreacht chraoltóireachta na hÉireann. Ní mór a chinntiú go mbeidh rochtain ar an saibhreas staire, faisnéise, ceoil agus siamsaíochta atá sa chartlann chun go mbeidh an t-ábhar seo coimeádaithe agus caomhnaithe ionas go mbeidh sé ar fáil chun staidéar a dhéanamh air agus chun taitneamh a bhaint as. Beidh sé ina sprioc agam teacht ar bhealaí nua chun an chartlann a úsáid mar acmhainn staire agus chruthaitheach, chun comhpháirtithe náisiúnta agus idirnáisiúnta a cothú le Cartlann TG4 agus chun tábhacht na gcartlann teilifíse i gcoitinne a cur chun cinn. Táim ag súil tabhairt go fonnmhar faoin ról nua seo leis an dúthracht agus díograis chéanna atá léirithe agam le fiche cúig bliain anuas le linn mo sheirbhíse go dtí seo le TG4 agus é mar aidhm agam an méid atá bainte amach agam i leith sceideal TG4 a thabhairt chun críche sa Chartlann.”
 

Is éard a dúirt Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4 “Agus muid ag ceiliúradh 25 bliain ar an aer, tá cinneadh suntasach déanta ag TG4 ar mhaithe leis na glúnta atá le teacht infheistiú i gceannaire ar an gcartlann luachmhar atá againn chun a chinntiú go mbeidh ábhar TG4 ar fáil go héasca don phobal. Tá an-obair déanta go dtí seo chun an chartlann a dhigitiú agus a chatalógú le tacaíocht ón BAI, ó ITMA agus ó Europus agus táimid ag súil cur leis an obair sin. Níl aon duine eile ann a sháródh Máire Aoibhinn i dtaobh an tsaineolais atá aici ar na cláir atá craolta ag TG4 le 25 bliain. Tá dúshlán mór i gceist ach níl amhras ar bith ach gurb í Máire Aoibhinn an duine ceart chun tabhairt faoi i gcomhar le baill eile den fhoireann chumasach atá againn i TG4.”

 
 

Teagmháil do na Meáin i TG4:

Deirdre Ní Choistin | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie


Cuir aithne orainn: