Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Cúrsa san iriseoireacht do dhaltaí Idirbhliana le reáchtáil ag OÉ Gaillimh, Nuacht RTÉ agus TG4

Deis eisceachtúil foghlaim ó iriseoirí aitheanta na tíre
'Iriseoirí an lae amárach' - cúrsa seachtaine in iriseoireacht do dhaltaí Idirbhliana a reachtáil ag OÉ Gaillimh.

25.01.21


 

Beidh deis ag daltaí idirbhliana tabhairt faoi chúrsa nua iriseoireachta ar líne á mhúineadh ag plúr na n-iriseoirí teilifíse, raidió agus digití.
 

Reáchtálfaidh OÉ Gaillimh agus Nuacht RTÉ agus TG4 an cúrsa, Iriseoirí an Lae Amárach le comhairle ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) agus ón Roinn Oideachais.
 

Tá an cúrsa dírithe ar dhaltaí in Iar-bhunscoileanna Gaeltachta agus Lán-Ghaeilge ar fud na tíre agus beidh sé ar siúl ar an ardán Zoom idir 1-4 Márta 2021.
 
Cuirfidh foireann ó chúrsaí meán agus cumarsáide OÉ Gaillimh agus iriseoirí RTÉ a chraolann ar TG4, RTÉ Raidió na Gaeltachta agus a sholáthraíonn ábhar d’árdáin digiteacha an cúrsa i láthair ar líne.
 

Roinnfidh an t-iriseoir físe agus fear déanta scannán, Seán Mac an tSíthigh a chuid scileanna agus a chuid taithí de bheith ag soláthar scéalta físe d’ardchaighdeán do TG4 agus RTÉ. Tabharfaidh Gormfhlaith Ní Thuairisg cuntas ar na ceisteanna crua a chuireann sí ar dhaoine gach lá ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Glacfaidh na láithreoirí nuachta Eimear Ní Chonaola agus Siún Nic Gearailt páirt sna ranganna ag tabhairt léargais ar an saol laethúil sna meáin. Clúdóidh Siún Ní Dhuinn ó RTÉ Digiteach/Gaeilge.ie na dúshláin a bhaineann le scéalta a sholáthar d’ardáin ar líne.
 
Tabharfaidh an cúrsa léargas freisin ar ghairmeacha sna meáin agus ar scéalta spóirt a chlúdach do phobal na hÉireann, dream a bhfuil spéis mhór acu ina leithéid.
 

Dúirt an tOllamh Brenadán Mac Suibhne, Stiúrthóir Léinn, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh: “Tá gnóthaí nuachta – gnóthaí bréag-nuachta, san áireamh – ina n-ábhar conspóide le cúpla bliain anuas, agus aird níos mó anois ag daoine ar fud an domhain ar thábhacht na hiriseoireachta i sochaí dhaonlathach ar bith. Cosán atá sa chúrsa, Iriseoirí an lae amárach ón scoil go dtí an ollscoil. Deis atá ann léargas ar leith a fháil ar shaol na hiriseoireachta go bhfeice scoláirí Idirbhliana an bhfuil siad ag iarraidh oibriú sa réimse sin nó nach bhfuil. Agus is deis fosta atá ann eolas níos mó a fháil fá Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus saol na mac léinn cois Coiribe.”
 

Dúirt Ardstiúrthóir TG4, Alan Esslemont: “Tá an iriseoireacht Ghaeilge mar bhunchloch lárnach do sheirbhís TG4 agus cuireann muid fáilte roimh an gcomhoibriú seo le OÉ Gaillimh chun iriseoirí an lae amárach a spreagadh.”
 

Dúirt Stiúrthóir Cláir an MA (Cleachtas Gairmiúil sna Meáin), OÉ Gaillimh, Aodh Ó Coileáin: “Is minic a thug an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine ‘gadhar faire an phobail’ ar ról tábhachtach na hiriseoireachta. Go deimhin, bronnann an Chúirt cosaint ar leith don phreas mar go bfhuil feidhmiú an daonlathais ag brath ar shaoirse an phreasa. Anois, níos mó ná riamh tá iriseoireacht chruinn, chothrom, neamhchlaonta de dhíth ar phobal na hÉireann.”

“Tá súil ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Nuacht RTÉ agus TG4 agus an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta go dtabharfaidh an cúrsa nua léargas do dhaltaí Idirbhliana ar ról agus ar obair na meán agus go mb’fhéidir go spreagfaidh sé cuid acu tabhairt faoi ghairmeacha sna meáin amach anseo. Tá an fhírinne tábhachtach in aon phobal.” a dúirt Ó Coileáin.
 

Le clárú don chúrsa agus breis eolais: peadar@cogg.ie
 
 
 

Teagmháil do na Meáin i TG4:
Deirdre Ní Choistín, Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie

Cuir aithne orainn: