Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Sraith Pheil Astrálach na mBan (AFLW) le craoladh ar TG4

22.01.21


 
Tá sé fógartha ag TG4 go gcraolfaidh an stáisiún cluichí agus buaicphointí ón gcéad séasúr eile de Shraith Pheil Astrálach na mBan (AFLW) go seachtainiúil.
 
Cuirfear tús le séasúr nua Shraith Pheil Astrálach na mBan an deireadh seachtaine deiridh de mhí Eanáir agus tabharfaidh 14 fhoireann aghaidh ar a chéile ar feadh dhá dheireadh seachtaine déag agus díocas orthu áit a bhaint amach sa gCluiche Ceannais i mí Aibreáin.
 
Faoin gconradh atá idir TG4 agus an tSraith Peile Astrálaí (AFL) craolfar cluichí iarbheo gach deireadh seachtaine chomh maith le buaicphointí seachtainiúla. Cuirfear tús leis an gclúdach ar TG4 Dé Sathairn an 30 Eanáir ag 5.10pm (tá sceideal iomlán mhí Feabhra thíos).
 
Beidh ceithre imreoir déag de chuid na hÉireann ag imirt i séasúr NAB AFL na mBan an séasúr seo.
 
Is é AFL na mBan (AFLW) sraith Peile Rialacha na hAstráile náisiúnta leathghairmiúil d’imreoirí mná. 8 gcinn d’fhoirne a d’imir i gcéad séasúr na sraithe sa bhliain 2017; 10 gcinn d’fhoirne a bhí páirteach i séasúr 2019 agus is 14 fhoireann a bhí páirteach i séasúr 2020. An tSraith Peile Astrálaí (AFL) atá i mbun na sraithe agus bíonn fo-thacar de chumainn san iomaíocht sa chomórtas sin.
 
Dúirt Ceann Pheil na mBan AFL Nicole Livingstone go raibh áthas uirthi faoin bhfógra agus go bhfuil sí ag súil go mór le craoladh Chomórtas NAB AFL na mBan in Éirinn. “Táimid mórtasach as craoladh an AFLW a leathnú go hÉirinn agus is fógra suntasach é do Pheil na hAstráile go háirithe mar gheall ar an tionchar atá ag peileadóirí na hÉireann ar Chomórtas NAB ALF na mBan,” a dúirt sí. “Tá 14 imreoir de chuid na hÉireann ar liostaí AFLW faoi láthair agus is iontach an scéal é go mbeidh a dteaghlaigh agus a gcairde in ann a bheith ag breathnú orthu i mbun imeartha an séasúr seo.”
 
Dúirt Ceannasaí Spóirt TG4 Rónán Ó Coistealbha: “Táimid thar a bheith sásta go bhfuil margadh comhaontaithe ag TG4 leis an tSraith Peile Astrálaí (AFL) chun cluichí a chraoladh ó ALF NAB na mBan. Tá go leor imreoirí as Éirinn ag imirt in AFL na mBan agus tá spéis ollmhór dá réir sna cluichí. Ba mhaith linn ár mbuíochas a chur in iúl do AFL na mBan as an deis a thabhairt dúinn le hardán a thabhairt don spórt seo in Éirinn.”
 

Is iad seo a leanas an ceithre imreoir déag de chuid na hÉireann atá deimhnithe do shéasúr 2021:
Sarah Rowe (Collingwood / Maigh Eo)

Cora Staunton (GWS Giants / Maigh Eo)

Aileen Gilroy (North Melbourne / Maigh Eo)

Grace Kelly (West Coast Eagles / Maigh Eo)

Niamh Kelly (West Coast Eagles / Maigh Eo)

Sinéad Goldrick (Melbourne FC / Baile Átha Cliath)

Niamh McEvoy (Melbourne FC / Baile Átha Cliath)

Lauren Magee (Melbourne FC / Baile Átha Cliath)

Aisling McCarthy (West Coast Eagles / Tiobraid Árann)

Orla O’Dwyer (Brisbane Lions / Tiobraid Árann)

Ailish Considine (Adelaide Crows / An Clár)

Áine Tighe (Fremantle Dockers / Liatroim)

Bríd Stack (GWS Giants / Corcaigh)

Aishling Sheridan (Collingwood / An Cabhán)
 
 

DÁTAÍ SHÉASÚR NAB AFL NA mBAN:

Babhta 1 – Deireadh Seachtaine an 28 / 29 / 30 / 31 Eanáir

Babhta 2 – Deireadh Seachtaine an 5 / 6 / 7 Feabhra

Babhta 3 – Deireadh Seachtaine an 12 / 13 / 14 Feabhra

Babhta 4 – Deireadh Seachtaine an 19 / 20 / 21 / 31 Feabhra

Babhta 5 – Deireadh Seachtaine an 26 / 27 / 28 Feabhra

Babhta 6 – Deireadh Seachtaine an 5 / 6 / 7 Márta

Babhta 7 – Deireadh Seachtaine an 12 / 13 / 14 Márta

Babhta 8 – Deireadh Seachtaine an 19 / 20 / 21 Márta

Babhta 9 – Deireadh Seachtaine an 26 / 27 / 28 Márta
 

Sraith na mBabhtaí Ceannais / Cluichí Ceannais Dícháiliúcháin – Deireadh Seachtaine an 4 Aibreán (3ú háit v 6ú háit & 4ú háit v 5ú háit)
 
Sraith na mBabhtaí Ceannais / na Réamhbhabhtaí Ceannais – Deireadh seachtaine an 10 Aibreán (Cluichí Leathcheannais, Tabharfaidh buaiteoir an chluiche idir an 3ú agus an 6ú háit aghaidh ar an bhfoireann a tháinig sa 2ú háit, tabharfaidh buaiteoir an chluiche idir an 4ú agus 5ú háit aghaidh ar an bhfoireann a tháinig sa 1ú háit)
 
CLUICHE CEANNAIS – Dé Sathairn an 17 Aibreán
 
Clúdach TG4
Dé Sathairn an 30 Eanáir 5.10pm – craoladh iomlán iarbheo ar chluiche den scoth ón 1ú babhta.
Dé Luain an 1 Feabhra 8pm – buaicphointí ó chluichí an 1ú babhta ag an deireadh seachtaine.

Dé Sathairn an 6 Feabhra 5.10pm – craoladh iomlán iarbheo ar chluiche den scoth ón 2ú babhta.
Dé Luain an 8 Feabhra 8pm – buaicphointí ó chluichí an 2ú babhta ag an deireadh seachtaine.

Dé Sathairn an 13 Feabhra 5.10pm – craoladh iomlán iarbheo ar chluiche den scoth ón 3ú babhta.
Dé Luain an 15 Feabhra 8pm – buaicphointí ó chluichí an 3ú babhta ag an deireadh seachtaine.

Dé Sathairn an 20 Feabhra 5.10pm – craoladh iomlán iarbheo ar chluiche den scoth ón 4ú babhta.
Dé Luain an 22 Feabhra 8pm – buaicphointí ó chluichí an 4ú babhta ag an deireadh seachtaine.

Dé Sathairn an 27 Feabhra 5.10pm – craoladh iomlán iarbheo ar chluiche den scoth ón 5ú babhta.
 

Is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo:
Liosta de na cluichí: https://womens.afl/matches/2021
https://womens.afl/discover/aflw/the-game
 
 
 

Teagmháil do na Meáin:
Rónán Ó Coisdealbha, Spórt TG4 | ronan.o.coisdealbha@tg4.ie

Cuir aithne orainn: