Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

'Ceol ó Kylemore: Ceiliúradh na mBan'

9:30pm, Dé Domhnaigh an 31 Eanáir 2021 ar TG4

21.01.21


 
Is i Mainistir mhórthaibhseach na Coille Móire a bheidh ‘Ceol ó Kylemore: Ceiliúradh na mBan’ suite, arna léiriú ag Red Shoe Production do TG4.
 

 

Craolfar an clár an 31 Eanáir, an oíche roimh Lá Fhéile Bríde – agus go traidisiúnta, is ar an lá úd a dhéantar deireadh an gheimhridh fhada dhorcha agus síneadh arís ag teacht leis lá a cheiliúradh. Cuirfear fáilte mhór leis an dáta sin i mbliana thar aon bhliain eile agus déanfar tús an Earraigh agus na laethanta níos faide amach romhainn a cheiliúradh le Ceol ó Kylemore.
 

Taifeadadh an clár aon uair a chloig ag deireadh na bliana 2020 agus beidh cuid de na ceoltóirí agus amhránaithe traidisiúnta mná is fearr sa tír páirteach ann. Beidh go leor d’iarbhuaiteoirí gradaim Ghradam Ceoil TG4 i dteannta Moya Brennan, lena n-áirítear Mary Bergin ar an bhfeadóg, Laoise Kelly ar an gCruit, Josephine Marsh ar an mbosca ceoil agus Sharon Howley ar an dordveidhil; chomh maith le Cathy Jordan, Pauline Scanlon le Nicola Joyce agus Noriana Kennedy ó The Whileaways agus Sibéal, réalta atá ag teacht chun cinn agus a chan an píosa ríthábhachtach ‘Mise Éire’ a bhí ina chuid lárnach de chomóradh Éirí Amach 1916 in 2016. Beidh Caitlín Nic Gabhann ar an gconsairtín í féin i measc na gceoltóirí mná.
 
I bhfianaise Mainistir na Coille Móire a bheith suite i ndúiche gharbh Chonamara ní fhéadfaí áit níos fearr a fháil chun Bríd, an Bandia agus an Naomh a ceiliúradh. Teach galánta a bhí sa chaisleán ón 19ú haois tráth sula deineadh tearmann as do ghrúpa beag d’ord mná rialta agus iad ag éalú ó chruatan an chogaidh san Eoraip. Is ann a chuireann mná rialta de chuid ord na mBeinidicteach fúthu fós, tearmann agus ionad foghlamtha a dhéanann an iomaí gné de chultúr na hÉireann a chothú.
 
Is í an t-amhránaí agus an cruitire traidisiúnta Síle Denvir a chuirfidh Ceol ó Kylemore -Ceiliúradh na mBan i láthair agus beidh píosa ceoil a coimisiúnaíodh go speisialta ó Josephine Marsh ar an mbosca ceoil agus Liz agus Yvonne Kane ar na fidleacha mar chuid den chlár agus cuirfidh píosa ceoil ó na ceoltóirí iontacha ar fad clabhsúr leis an ócáid.
 
Buíochas ar leith le Tourism Ireland agus Ionad Domhanda Notre Dame i Mainistir na Coille Móire.
 
‘Ceol ó Kylemore: Ceiliúradh na mBan’, 9.30pm Dé Domhnaigh an 31 Eanáir 2021 ar TG4
 
 
 

Teagmháil do na Meáin:
Linda Ní Ghríofa, Eagarthóir Cumarsáide TG4 | Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: