Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Babhta nua ollsoláthair agus babhta coimisiúnaithe do Earrach 2021 fógartha inniu ag TG4

16.02.21


 

D’fhógair TG4 inniu ag Lá na Léiritheoirí go bhfuil iarratais á lorg le haghaidh conarthaí ollsoláthar nua. Tiocfaidh deireadh leis na conarthaí reatha ag deireadh 2021. Tá iarratais á lorg do 12 conarathaí ollsoláthar ceithre bliana. Tá dhá phota ollsoláthar breise san áireamh i bhfógra an lae inniu. Beidh luach €1.8m ar na conarthaí nó €450,000 sa bhliain. Is méadú é sin ó €400,000 sa bhliain atá ag na conarthaí ollsoláthar reatha.
 
De réir mar atá tírdhreach na craoltóireachta ag éirí níos scoilte, tá aitheantas bainte amach ag TG4 go bhfuil sé i bhfabhar na nuálaíochta, na físiúlachta, na cruthaíochta agus thar rud ar bith eile láidreacht na scéalaíochta. Tríd na coimisiúin leanúnacha seo, tá súil ag TG4 oibriú i gcomhpháirt leis na léiritheoirí agus cruthaitheoirí teilifíse scéalta atá gaelach, eisíoch agus físiúil a chur ar fáil do lucht féachana TG4.
 
Tá iarratais á lorg do na seánraí seo a leanas; Fíorasach Croí Lucht Féachana, Fíorasach Náisiúnta, Fíorasach Siamsiúil, Siamsaíocht cheoil thraidisiúnta, Siamsaíocht cheoil, Saolchlár / Faisnéis siamsúil do dhaoine fásta faoi 35 agus Siamsaíocht do pháistí. Is é Dé Luain an 12 Aibreán an sprioc-am d’iarratais ollsoláthair.
Fógraíodh conartha breise ollsoláthar i 2020. Beidh 13 chonartha ollsoláthar anois ag TG4 leis an earnáil léiriúchán neamhspleách. Tá naoi gconradh eile ollsoláthar ag TG4 le comhlachtaí san earnáil le coinníollacha difrúla leo chomh maith le conarthaí seirbhíse do fotheidil agus athghuthú.
 
Fógraíodh Babhta Coimisúnaithe don Earrach 2021 inniu chomh maith. Tá iarratais á lorg ón earnáil ar smaointí do chláracha atá tráthúil agus a bheidh ina seoda sa sceideal mar aon le cláracha / sraitheanna nach dtagann faoi mholtaí ollsoláthair. Is deis í seo do léiritheoirí nach bhfuil sé i gceist acu iarratas a dhéanamh ar ollsoláthar léirithe léiriú a dhéanamh ar shraitheanna / cláracha aonair amháin. Bheadh spéis ag TG4 in iarratais do Fíorasach & Siamsaíocht Croílucht féachana, Ábhar do lucht féachana faoi F35, Fíorasach – Náisiúnta, Fíorasach Siamsúil Náisiúnta, Siamsaíocht Cheoil Thraidisiúnta, Siamsaíocht Cheoil nach Ceol Traidisiúnta é agus Siamsaíocht do Pháistí. Is é an 17 Bealtaine 2021 an sprioc-am d’iarratais chuig TG4.
 
Is ionann €23.2m infheistíocht TG4 i gcomhlachtaí léiriúcháin san earnáil neamhspleách léiriúcháin.
 
Dúirt Ard Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont inniu ag Lá na Léiritheoirí, “Tá comhpháirtíocht leis an earnáil léiriúcháin neamhspleách i gcroílár straitéis TG4 mar chraoltóir / foilsitheoir. Bliain gan choinne, chrua a bhí in 2020 do gach duine. Tagann cruthaitheacht agus uaillmhian chlársceideal TG4 ó na léiritheoirí neamhspleácha a chruthaíonn ábhar dúinn. Cuireadh méadú €3.5m ar mhaoiniú TG4 in 2020 agus infheisteofar sin go díreach san earnáil léiriúcháin. Molaimid do léiritheoirí smaoineamh faoi lucht féachana TG4 agus tuiscint a fháil air, go háirithe an lucht féachana faoi 35 agus na babhtaí coimisiúnaithe seo a úsáid mar dheis nua don chruthaitheacht, smaointe a chruthú atá dírithe ar an lucht féachana.”
 

Sonraí faoi na babhtaí ar fáil ag: www.tg4.ie/Coimisiúnú

 
 
 

Teagmháil do na Meáin:
Deirdre Ní Choistín, Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie

Cuir aithne orainn: