Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Gradaim buaite ag Samhlú 2020 agus ag Is Olc an Ghaoth ag PRIX CIRCOM 2021

29.04.21


 

 
Tá gradaim buaite ag cláracha TG4 Samhlú 2020 agus Is Olc an Ghaoth ag gradaim PRIX CIRCOM 2021 a fógraíodh inniu. Gach bliain, tugann gradaim Prix CIRCOM aitheantas do na léiriúcháin réigiúnacha is fearr. Is iad na gradaim seo na gradaim idirnáisiúnta is tábhachtaí i dtaobh cláracha réigiúnacha agus is sa bhliain 1990 a bronnadh iad den chéad uair. Deich mBuaiteoir Catagóire agus naoi ngradam Ardmholadh a roghnaíodh sa bhliain 2021. 191 iontráil a cuireadh ar aghaidh do na gradaim i mbliana i gcomórtas le 193 iontráil anuraidh ach léiríonn sin, fiú i mbliain mhór Covid-19, gur lean na stáisiúin phoiblí de lear mór ábhair a léiriú dá lucht féachana le linn na bliana tubaistí seo. Ar an iomlán, chuir craoltóirí i 23 stát iontrálacha ar aghaidh do na gradaim.
 
Is é Samhlú 2020 le TG4 Buaiteoir an ghradaim CLÁR IS ÚRNUA AGUS IS NUÁLAÍ a ndéanann NRK NORWAY urraíocht air. Taispeántas cultúir cinniúnach é Samhlú 2020 a dhéanann gaiscí agus an chruthaitheacht ealaíonta atá tagtha chun cinn ar fud na hÉireann sa bhliain 2020 a cheiliúradh, ainneoin gurbh bhliain thar a bheith dúshlánach a bhí inti. An Clár Éire Ildánach a mhaoinigh Samhlú 2020 agus Meangadh Fíbín a léirigh é agus faoi stiúir Philip Doherty do TG4. I gceantar álainn Chloch na Rón, Conamara, Co. na Gaillimhe atá an clár lonnaithe. Tugann Tommy Tiernan, An Fánaí, an lucht féachana ar aistear gliondrach agus draíochtúil de cheol, damhsa agus amharclannaíocht. Cuireadh ‘Samhlú’ píosa nua ceoil ón gcumadóir Bill Whelan, a bhfuil cáil ar fud an domhain air agus atá ina chónaí i gCloch na Rón, os comhair an phobail den chéad uair sa chraolachán úd. Bhí sé ghearrscannán oidhreachta i gceist i Samhlú 2020 freisin atá fite le taibhithe ó Shane Hennessey, Moxie, Slow Moving Clouds, Julie Feeney, Morgan Bullock, David Geaney, Rónán Ó Snodaigh, Varo agus Tonnta.
 

Bronnadh gradam Ardmholadh ar Is Olc an Ghaoth sa chatagóir SIAMSAÍOCHT AGUS DRÁMAÍOCHT a ndearna TPA Asturias-TVG Galicia urraíocht air. Triptic Ghotach Acla – trí ghearrscannán bhrónacha ach bharrúla a shníomhann ina chéile, suite ar oileán lena mbaineann beagán aistíola agus a bhfuil Covid ar an mbealach ann. Tá roinnt de na haisteoirí is fearr sa tír páirteach ann, ina measc, Stiofán Seoige (Murdair Mhám Trasna, Na Cloigne, Ros na Rún), John Finn (Cold Case, The Walking Dead, The Crown, An Bronntanas), Carrie Crowley (Fair City, Rásaí na Gaillimhe) agus Peadar Cox (Song of Granite, Fir Bolg, Ros na Rún). Niamh Fagan a léirigh an clár arna stiúradh ag Tom Sullivan, stiúrthóir a bhfuil IFTA buaite aige, agus ag Kevin Toolis, scríbhneoir a bhfuil BAFTA buaite aige.
 
Fógrófar buaiteoir an Grand Prix – the Best of the Best, atá urraithe ag TVP Poland ag ócáid cheiliúrtha ar líne Dé Céadaoin an 12 Bealtaine, 20:00 CET. Tá an Gradam Speisialta le fógairt, atá urraithe ag BNT Bulgaria.
 

Is saineolaithe atá ag obair ina léiritheoirí i stáisiúin réigiúnacha moltóirí na ngradam. Ba iad sin: Sybren Terpstra, Omrop Fryslan, An Ísiltír; Cathrine Gaukerud, NRK, An Iorua; Erica Stenback, SVT, An tSualainn; Léa Zilber, RTBF, An Bheilg; Adriano Nazareth, RTP, An Phortaingéil; Lisa Reynolds, BBC, An RA; Zsuszanna Antala, MTVA, An Ungáir; Chiara Tomasoni, RSI, An Eilvéis; Daniela Draštata, HRT, An Chróit; Daniele Guido Gessa, RAI, An Iodáil; Françoise Erb, France 3, An Fhrainc; Alina Amza, TVR, An Rómáin; Montse Armengou Martín, CCMA, An Spáinn; Dagmara Drzazga, TVP, An Pholainn; Christine Schwarz, RTBF, An Bheilg; Andreas Riedl, ORF, An Ostair; Mojca Recek, RTVSLO, An tSlóivéin; Martin Novosad, ČT, Poblacht na Seice; Lucía Herrera Cueva, RTPA, An Spáinn; Róisín Ní Thuairisg, TG4, Éire; Janina Strothman, HR, An Ghearmáin; Joe Reddington, RTÉ, Éire; Gunnar Henrich, HR, An Ghearmáin;Eivind Undrum Jacobsen, NRK, An Iorua.
 
Is éard a dúirt Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4, “Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le gach duine a raibh baint acu le Samhlú 2020 agus le Is Olc an Ghaoth ar na gradaim atá buaite inniu acu agus comhghairdeas a dhéanamh freisin leis na léiritheoirí Meangadh Fíbín agus Lunar Pictures. Tionscadal thar a bheith uaillmhianach agus tábhachtach ab ea Samhlú 2020 a dhéanann ceiliúradh ar scoth na n-ealaíon in Éirinn i mbliain a bhí deacair agus nach bhfacthas a leithéid riamh cheana. Bhí rath ar an gcomhpháirtíocht a bhí againn leis an gClár Éire Ildánach agus tá ríméad orainn faoi ghradam an lae inniu. Ní gá aon ní eile a rá faoi chaighdeán na ndaoine cumasacha a bhí páirteach in Is Olc an Ghaoth, agus is léiriú sin ar an rath a bhíonn ar bhundrámaíocht a léirítear in Éirinn mar go mbíonn sí ábalta teorainneacha a shárú agus spéis lucht féachana idirnáisiúnta a tharraingt.”
 
Dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán Catherine Martin, “Comhghairdeas mór le TG4 agus le Fíbín Media i gConamara. Is iontach an gaisce an gradam don chlár is úrnua agus is nuálaí a bhuachan agus sibh i gcomórtas le craoltóirí réigiúnacha atá i bhfad níos mó ná sibh. Tá an-mheas againn ar fad ar an tsúil eile ó TG4. Tá an-áthas orm go raibh sé ar mo chumas an clár Samhlú a mhaoiniú. Ba é an uaillmhian a bhí againn ardán a thabhairt do chleachtas cruthaitheach den chéad scoth a raibh borradh faoi ainneoin COVID agus leis sin a raibh 126 ealaíontóir ó ar fud na hÉireann páirteach ann, ceol nuachumtha ón gcumadóir Bill Whelan san áireamh. Is dea-theist freisin é ar phobal an léiriúcháin neamhspleách in iarthar na tíre.”
 
Dúirt David Lowen CIRCOM : “Ba mhór an pléisiúr agus onóir dom a bheith i mo Chathaoirleach ar na Moltóirí. Is saineolaithe aitheanta iad ó ar fud na hEorpa a bhfuil taithí mhór acu. D’oibrigh siad go díograiseach agus bhí roghanna dearca le déanamh acu. Tá an méid a d’éirigh le craoltóirí seirbhíse poiblí agus soláthróirí meán réigiúnacha a bhaint amach i dtréimhse a bhí deacair don lucht féachana agus do lucht gairmiúil araon le moladh. Táimid ag tnúth anois le fógra an Grand Prix agus an Ghradaim Speisialta agus le físeáin de cheiliúradh bhuaiteoirí na gcatagóirí a roinnt libh.”
 
 
 

Teagmháil do na Meáin | TG4:
Deirdre Ní Choistín, Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie


Cuir aithne orainn: