Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

‘Foscadh' roghnaithe mar iontráil na hÉireann do na Oscars sa chatagóir don Phríomhscannán Idirnáisiúnta is Fearr

22.09.21


 

 

Tá áthas ar TG4 faoin bhfógra atá déanta ag IFTA inniu go bhfuil Foscadh scannán lán-Ghaeilge ó scéim Cine4 roghnaithe mar iontráil na hÉireann do na Oscars sa chatagóir don Phríomhscannán Idirnáisiúnta is Fearr ag an 94ú Gradaim bliantúla an Acadaimh a bheidh ar siúl go luath. Is é seo an dara bliain as a chéile go bhfuil scannán Gaeilge de chuid Cine4 roghnaithe ag IFTA. Roghnaíodh an scannán Arracht anuraidh.
 

Comhpháirtíocht idir TG4, Fís Éireann agus Údarás Craolacháin na hÉireann (an BAI) é ‘Cine4’ chun fadscannáin Ghaeilge bhunaidh a fhorbairt.
 
Magamedia a léirigh an scannán agus tá sé bunaithe ar an leabhar ‘The Thing About December’ le Donal Ryan. Is é seo an tríú scannán a chuir Cine4 i láthair, i ndiaidh Finky (2019) agus Arracht (2020).
 

Suite i sléibhte fíoráille fiáine Chonamara Thuaidh, is scéal é Foscadh a bhaineann le teacht in aois a raibh moill air, agus is cinnte go mbeidh an lucht féachana uilig taobh thiar den laoch mí-ámharach mar a nglacann sé a chéad chéimeanna faiteacha thar thairseach na haosachta.
 

Is é Seán Breathnach a scríobh agus a stiúir Foscadh, atá bunaithe ar charachtair ón leabhar The Thing About December leis an úrscéalaí Donal Ryan, a bhfuil go leor gradam buaite aige. Scéal John Cunliffe atá ann, díthreabhach saonta a bhrúitear in aois fir gan choinne nuair nach raibh ach 28 bliain slánaithe aige. Nuair a bhásaíonn a thuismitheoirí róchosantach, fágtar talamh sléibhe ag John bocht nach bhfuil cara aige, talamh atá sa bhealach ar fhorbraíocht bhrabúsach feirme gaoithe, agus níl an dara rogha aige ach dul i ngleic le cora agus castaí na hiontaoibhe, an díoltais, agus an rómáns den chéad uair. Rinneadh taifeadadh ar an fadscannán 90 nóiméad seo i gCorr na Móna i gContae na Gaillimhe agus tá páirt ag Dónall Ó Héalaí (Arracht), Fionnuala Flaherty (Out of Innocence) agus Cillian Ó Gairbhí (Blood) ann, arna léiriú ag Paddy Hayes (Corp + Anam).
 

Taispeánadh Foscadh den chéad uair ag Fleadh Scannán na Gaillimhe i mbliana. Bronnadh an gradam ‘An Chéad Ghnéscannán is Fearr’ ar an scannán ag Gradaim na Féile.
 

Ba é Paddy Hayes (Cumar: A Galway Rhapsody) a léirigh Foscadh. Ainmníodh athair Phaddy, Tom Hayes do Oscar® caoga bliain ó shin i 1961 don chlár faisnéise Cradle of Genius.
 

Roghnaigh Coiste Roghnúcháin IFTA 2022 an scannán, lena n-áirítear an Stiúrthóir Aisling Walsh (Maudie; Elizabeth is Missing, Song for a Raggy Boy), an t-aisteoir Owen McDonnell, (Killing Eve; An Klondike; Paula), Cineamatagrafaí Kate McCullough (Normal People; Arracht; Phil Lynott: Songs for While I’m Away), an léiritheoir Martina Niland (Sing Street; Once; Float Like a Butterfly), an t-aisteoir Fionnula Flanagan (The Guard; The Others; Waking Ned Devine) agus Paul Young, Ard-Stiúrthóir an chomhlachta beochana Cartoon Saloon a bhí ainmnithe cúig huaire do Oscar® (Wolfwalkers; Song of the Sea, The Breadwinner). Bhí Príomhfheidhmeannach an Acadaimh ina cathaoirleach ar an gCoiste roghnúcháin.
 

Chuir Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4 fáilte roimh fhógra an lae inniu agus dúirt “Comhghairdeas leis an bhfoireann ar fad ag Tua Films agus mo bhuíochas arís le Fís Éireann agus an BAI as a dtacaíocht do Cine4 agus le coiste roghnúcháin IFTA a d’ainmnigh ‘Foscadh’ mar iontráil na hÉireann do na Oscars Idirnáisiúnta. Tá an cineama mar cheann de na meáin is idirnáisiúnta agus is airde stádais i súile an phobail ar fud an domhain agus tá áthas orm go bhfuil ag éirí leis an earnáil chruthaitheach in Éirinn scannáin Ghaeilge a léiriú ag an gcaighdeán is airde. Tá Cine4 ag dul ó neart go neart agus cuireann sé ríméad orm go mbeidh saothar agus tallann Éireannach bunaithe ar fhís agus ar shamhlaíocht Éireannach ag dul in iomaíocht arís ar an stáitse domhanda is tábhachtaí dár dtionscal.”
 

Is éard a dúirt Seán Breathnach, scríbhneoir/stiúrthóir Foscadh ná: “Is mór an onóir agus agus is iontach an phribhléid é gur roghnaigh IFTA muid mar ionadaithe na hÉireann sna Gradaim Oscar sa chatagóir don Scannán Idirnáisiúnta is Fearr. Tá áthas an domhain orainn go bhfuil Foscadh ag dul chomh mór i bhfeidhm ar léirmheastóirí agus féilte araon. Leanann sé sin ón ngradam a bhain sé don Chéad Scannán Éireannach is Fearr ag Féile Scannán na Gaillimhe. Ba mhaith liom an deis seo a thapú buíochas a ghlacadh ó chroí leis an gcliar agus criú iontach agus freisin ár mbuíochas a chur in iúl dár lucht maoinithe – TG4, Fís Éireann, agus Údarás Craolacháin na hÉireann.”
 

Dúirt Paddy Hayes, léiritheoir Foscadh: “Sílim go mbeidh an-éileamh ar scéal Foscadh i measc baill an Acadaimh, mar gurb é an cineál scéal a thaitníonn leo – tuathánach soineanta ag teacht in aibíochta ainneoin bacanna pearsanta agus sóisialta. Beidh an chéad taispeántas idirnáisiúnta aige ag an bhFéile Scannán Newport Beach, gar do L.A. áit a chuirfimid tús le feachtas bolscaireachta do na hOscars, ag súil leis an gearrliosta a bhaint amach. D’éirigh le m’athair féin gearrliosta a bhaint amach don scannán faisnéise is fearr dá scannán Cradle of Genius i 1961 – tá sé thar am gur éirí liom a mhacasamhail a bhaint amach!”
 
 
 

Teagmháil do na Meáin i TG4:

Deirdre Ní Choistín | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie


Cuir aithne orainn: