Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

TG4 ar an 6ú cainéal is mó féachana in Éirinn don dara bliain as a chéile

agus fás mór ar ábhar ar éileamh ar sheinnteoir TG4

13.01.21


 

Is é TG4 an 6ú cainéal is mó féachana in Éirinn don dara bliain as a chéile. Bhog TG4 suas áit amháin i 2019 ón 7ú gcainéal is mó féachana, an áit ina raibh sé rangaithe ó 2014. Féachann níos mó daoine in Éirinn anois ar TG4 ná mar a fhéachann ar BBC Two, Virgin Media Three agus Channel 4.
 

D’fhéach 83% den daonra nó 3.665m duine ar TG4 ag am éigin i rith 2020. Ba é 1.83% an meán-sciar féachana do 2020 agus bhí méadú 3% ar an sciar go dtí 1.92% le linn an phríomhama féachana ó 2019. Ba í Mí Dheireadh Fómhair an mhí ab airde maidir le sciar den lucht féachana le sciar 2.26% ag TG4 i rith na míosa sin. Ba é an 20ú Nollaig an lá ab airde a raibh lucht féachana ag TG4, 770,000 duine, in 2020.
 

Ba é clúdach GAA BEO ar Chluiche Ceannais Peile AIB na gClubanna idir Cora Finne na Gaillimhe agus Cill Chua an Dúin an clár ba mhó a raibh daoine ag faire air ar TG4 in 2020. Bhí aimsiú 480,600 duine ag an gcluiche, 177,200 lucht féachana ar an meán agus sciar 17.6% den lucht féachana ag an am. Ba é Peil na mBan Beo an 20ú cluiche ceannais de pheil na mban atá craolta ar TG4 agus bhí ar siúl an 20 Nollaig an dara clár ba mhó féachana ar TG4 in 2020. Bhí lucht féachana 169,900 ar an meán ag an gcluiche agus sciar 21.2%.
 

Ba é The Dubliners – The Parting Glass, a craoladh Lá Nollag, an clár ba mhó a raibh daoine ag breathnú air ar TG4 ar Lá Nollag ó 2009. Bhí lucht féachana 156,600 duine ag an gceolchoirm agus sciar 11.3%. Bhí an-tóir freisin ar John Sheahan’s 80th Birthday Live from Vicar St a craoladh ar TG4 ar Lá Fhéile Pádraig. D’fhéach 123,200 duine ar an meán ar an gceolchoirm sin.
 

Is iad cláir faisnéise cnámh droma sceideal TG4 agus tharraing siad lucht féachana mór arís in 2020. Ba é Liam O’Flynn – Píobaire an clár faisnéise ba mhó a raibh faire air in 2020 inar insíodh scéal mháistir na bpíob uilleann Liam O’Flynn. Bhí lucht féachana 81,500 ag faire ar an gclár faisnéise a craoladh ar Dhomhnach Cásca. Ba é Laochra Gael – Iggy Clarke ina raibh cur síos ar scéal an Athar Iggy, an dara clár faisnéise ba mhó lucht féachana anuraidh. Ba é Iggy an crann taca i líne leathchúlaithe iomána na Gaillimhe sna 70idí. Bhreathnaigh 74,200 duine ar an gclár faisnéise agus bhí sciar 9.5% aige.
 

Tháinig méadú 158% ar shruthanna ar éileamh ar sheinnteoir TG4 in 2020 i gcomparáid le 2019. Ba é an clár faisnéise Liam O’Flynn – Píobaire an clár ba mhó féachana ar an seinnteoir in 2020. Tháinig méadú 38% ar shruthanna TG4 ar sheinnteoir RTÉ anuraidh freisin agus bhí méadú 34% ar shruthanna ar sheinnteoir Cúla4.
 

Tháinig fás 60% ar na hamhairc físe ar na meáin shóisialta atá ag TG4 in 2020, 36m amharc físe san iomlán don bhliain.
 

Dúirt Ardstiúrthóir TG4 Alan Esslemont, “Ní fhaca aon duine againn bliain mar 2020. Ba bhliain í de chumha, mearbhall, cíor thuathail agus brón. Ach bliain d’éachtaí daonnachta agus de sheirbhís phoiblí a bhí ann freisin. Sna meáin, breathnóidh muid siar ar 2020 mar an bhliain a chuir fuadar faoi dhul chun cinn na meán digiteach neamhlíneach. Ba mhaith liom ómós a thabhairt d’fhoireann inmheánach TG4 agus do na léiritheoirí neamhspleácha uile a chomhoibríonn linn. Ag obair mar mheitheal, d‘éirigh linn freastal thar cionn ar éileamh an lucht féachana agus pearsantacht agus branda TG4 a láidriú sa bhaile agus ar fud an domhain. Tá muid an-bhuíoch den Rialtas as an tacaíocht bhreise a thug siad dúinn i mBuiséad 2021. Cabhróidh sé seo linn TG4 a atosú i mbliana agus beidh muid ag cur ina luí ar an gCoimisiún um Thodhchaí na Meán gur cheart éiceachóras na meán in Éirinn a athshamhlú ó bhonn ó 2022 ar aghaidh.”

 
 
 

Teagmháil do na Meáin i TG4:
Deirdre Ní Choistín, Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie

Cuir aithne orainn: