Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Cleachtais léiriúcháin inbhuanaithe le cur i bhfeidhm ag TG4 trí úsáid éigeantach le baint as Áireamhán Carbóin albert

Úsáid éigeantach le baint as Áireamhán Carbóin albert ar gach léiriú de chuid TG4 ó Eanáir 2021

19.01.21


 

D’fhógair TG4 inniu mar chuid dá ghealltanas i dtaobh léiriúcháin inbhuanaithe agus spriocanna an Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide a bhaint amach, go bhfuil sé éigeantach go ndéanfaidh gach léiriúchán a bhfuil conradh acu le TG4 a lorg carbóin a thomhais ag baint leas as Áireamhán Carbóin albert ó Eanáir 2021.
 

Screen Green Coalition, a bhunaigh TG4, RTÉ, Virgin Media Television, Fís Éireann, Léiritheoirí Scáileáin na hÉireann agus an BAI, a chuir Áireamhán Carbóin BAFTA albert, atá dírithe go sonraithe ar an tionscal closamhairc, in oiriúint lena úsáid in Éirinn.
 

Leis an áireamhán is féidir le léiritheoirí tuiscint níos fearr a fháil ar an tionchar atá ag a gcuid léiriúchán ar an timpeallacht agus dearbhú a fháil gur léiriúchán inbhuanaithe é. Trí roinnt eolas bunúsach maidir le láithreacha, stiúideonna, an criú, taisteal, lóistín, ábhar agus iarléiriú a chur isteach san áireamhán; tabharfaidh sé chomh mór is atá an lorg carbóin atá ag aon léiriúchán ar leith le fios. Tabharfaidh an t-eolas sin agus an fheasacht sin deis do léiritheoirí na hastaíochtaí sin a laghdú trí chleachtais inbhuanaithe a chur i bhfeidhm le linn an léiriúcháin, mar shampla trí dheireadh a chur le plaisteach aonúsáide, réitigh chliste a fháil i ndáil le bainistiú dramhaíola agus an méid taistil a d’fhéadfadh a bheith i gceist a laghdú.
 

Cuireadh tús le Albert sa bhliain 2011 sa Ríocht Aontaithe mar thionscadal ag an BBC agus ghlac BAFTA leis go luath ina dhiaidh sin. Tá sé éigeantach don BBC, ITV, Channel4, UKTV, Sky agus Netflix a lorg carbóin a chlárú agus an uirlis a úsáid. Sheol albert leagan nua den áireamhán carbóin an tseachtain seo caite a chabhróidh le léiriúcháin an lorg carbóin atá acu a thomhas ar bhealach níos cruinne. Cuirfear an pacáiste nuashonraithe chuig comhpháirtithe Idirnáisiúnta i dteangacha áitiúla freisin. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar anseo: https://wearealbert.org
 

Maidir le léiriúcháin ar mian leo a n-iarrachtaí inbhuanaitheachta a chur chun cinn, is féidir leo teastas albert a fháil a thugann aitheantas don léiriúchán as an tionchar atá acu ar an gcomhshaol a laghdú. Cuirfear lógó ar fáil má éiríonn leo gur féidir a úsáid i gcreidiúintí an chláir.
Cuirfear lógó ar fáil má éiríonn leo ina n-iarrachtaí gur féidir a úsáid i gar chreidiúintí an chláir.
 

Chuir Laura Ní Cheallaigh, Eagarthóir Coimisiúnaithe TG4 fáilte roimh an bhfógra inniu ag rá, “Tá ríméad orainn a fhógairt inniu go mbeidh Áireamhán Carbóin albert ina chuid lárnach dár léiriúcháin neamhspleácha go léir as seo amach. Mar chraoltóir-foilsitheoir, is trí na comhlachtaí léiriúcháin a oibríonn linn ach go háirithe a mbeimid ábalta tionchar dearfach a imirt ar an timpeallacht. Tá súil againn go spreagfaidh úsáid na huirlise cleachtais ghlasa agus inbhuanaithe i ngach réimse léiriúcháin agus go gcabhróidh sé le hinbhuanaitheacht chomhshaoil a chruthú san earnáil closamharc in Éirinn.”
 

Dúirt Neil Keaveney, Stiúrthóir Teicneolaíochta TG4 “Tá áthas ar TG4 as an díograis agus an tiomantas atá léirithe ag an earnáil neamhspleách léiriúchán maidir le cleachtais léiriúchán inbhuanaithe a ghlacadh. Tá an cur chuige seo ag teacht go hiomlán le tiomantas TG4 féin an úsáid a bhaineann sé as fuinneamh agus a lorg carbóin a laghdú agus an ról atá againn mar chraoltóir na spriocanna atá leagtha síos sa phlean gníomhaíochta aeráide a bhaint amach.”

 
 
 

Teagmháil do na Meáin i TG4:
Deirdre Ní Choistín, Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie

Cuir aithne orainn: