Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Sraith nua de Finné le tosú ar TG4 an tseachtain seo chugainn

Finné Sraith nua ag tosú Dé Céadaoin 13 Eanáir @ 9:30pm

08.01.21


 

Cuirfear tús le sraith nua de Finné ar TG4 Dé Céadaoin seo chugainn ag 9:30pm. Tabharfar léargas sa tsraith ar roinnt de na scéalta móra a bhí i mbéal an phobail in Éirinn le leathchéad bliain anuas. Inseoidh na finnéithe a gcuid scéalta faoi fhulaingt, éagóir, slánú, teacht aniar agus misneach ar bhealach ionraic macánta agus déanfaidh siad cur síos ar an tionchar a bhí ag an méid a tharla dóibh orthu. Is í Orla O’Donnell, comhfhreagraí le RTÉ, a chuirfidh an tsraith i láthair.
 

Léirithe i mbliana ag Aisling Ní Fhlaitheartha do Tua Films na Gaillimhe, tabharfaidh na cláracha uair a chloig ar fhad léargas corraitheach ar scéalta na bhfinnéithe tríd scéalaíocht chumachtach. Bronnadh Gradam na Meán ó Chumann Dlí na hÉireann ar chlár Martin Conmey i Séasúr 1 agus bronnadh gradam Féile na Meán Ceilteach ar Finné don sraith faisnéise is fearr i 2020.
 
 

Seo iad na finnéithe, agus seo iad a gcuid scéalta:
 
Clár 1: Dr. Andrew Rynne

 
Caitheann Andrew Rynne súil siar ar a ghairm mar an chéad dochtúir vaiseachtóime in Éirinn, agus ar a fheachtas chun cearta frithghiniúna a thabhairt chun cinn i rith na 1970í agus 1980í in Éirinn. Sna 1990í agus é ag déanamh vaiseachtóime ar othar, tháinig fear isteach sa gclinic agus chur sé urchar i gcos Rynne, ach d’éirigh le Rynne teacht slán ón ionsaí, agus a scéal a insint.
 
 

Clár 2: Liam Ó Maolaodha

 
Tabharfar spléachadh sa gclár seo ar scéal Liam Uí Mhaolaodha, stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge, agus an mhúinteora Domhnall Ó Lubhlaí. Casadh Ó Lubhlaí ar Liam den chéad uair i gColáiste Chrónáin i gCluain Dolcáin nuair a bhí sé ina dhéagóir. Ba phearsa mór é Ó Lubhlaí agus é an-aitheanta i saol na Gaeilge mórthimpeall na tíre.
 
 

Clár 3: Brian Pennie

 
D’fhás Brian Pennie aníos i dTobar Mhuire, tuaisceart Bhaile Átha Cliath, chonaic sé go leor mí-úsáid alcóil agus drugaí agus é ag fás aníos. Bhain sé triail as hearóin don chéad uair ag aois 17 agus bhí sé ina andúileach ar feadh 15 bliain dá shaol. Sa chlár faisnéise seo, faigheann muid léargas ionraic uaidh ar an bpian agus fulaingt a tharraing sé air féin agus a chlann agus faoina aistear ag iarraidh a shaol a fháil ar ais an athuair.
 
 

Clár 4: Sinéad O’Leary

D’iompaigh domhan Sinéad O’Leary bun os cionn nuair a rinne Peter Whelan ionsaí sceanna fíochmhar uirthi féin agus a dlúthchara, Nichola Sweeney ina dteach i mBaile an Róistigh, Corcaigh i mí Aibreán 2002. Maraíodh Nichola an oíche sin, agus fágadh Sinéad le gortuithe gránna tar éis a bheith sáite 20 uair san ionsaí foréigneach gan choinne seo. Insíonn Sinéad dúinn sa chlár faisnéise seo faoin ionsaí agus a cuid iarrachtaí ó shin chun a saol a thógáil in athuair, agus chun ceartas a bhaint amach do chuimhne a cara.
 
 

Clár 5: Kenneth Egan

Ní raibh morán dúil ag an Kenneth Egan óg sa dornálaíocht go dtí go bhfaca sé a dheartháir ag troid, agus gur thosaigh sé féin i gclub dornálaíochta Neilstown. Ach nuair a thosaig sé, is beag a stopadh an fathach fir seo. Sa chlár faisnéise seo, caitheann Egan súil siar ar a ghairm troda ó chraobhacha náisiúnta go dtí na Cluichí Oilimpeacha 2008 i mBeijing. Sa chlár faisnéise spórt seo, insíonn Kenneth go hionraic dúinn faoin troid is mó a bhí aige ina shaol – a chuid iarrachtaí smacht a choimeád ar a andúileacht dí.
 
 

Clár 6: Stevo Timothy

Le blianta beaga anuas, tá lucht leanta mór milteach bainte amach ag an bhfuirseoir Gaillimheach Stevo Timothy agus an alter ego atá aige, Farmer Michael. Ach dóibh siúd is gaire dó, is masc é an carachtar seo a chlúdaíonn an imní lena bhfuil sé ag fulaingt le fada, agus an timpiste gluaisrothair i 2005 inar maraíodh a phaisinéir cúlóige, a d’athraigh a shaol ó bhun.

 
 
 

Teagmháil do na Meáin i TG4:
Deirdre Ní Choistín, Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie

Cuir aithne orainn: