Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Deich n-ainmniúchán faighte ag TG4 i nGradaim Fhéile na Meán Ceilteach lena n-áirítear ainmniúchán don ghradam 'Spiorad na Féile'

15.06.21

Tá TG4 ainmnithe do naoi ngradam i nGradaim Torc Fhéile na Meán Ceilteach, agus tá an clár Treibh na nDéithe ainmnithe freisin don ghradam ‘Spiorad na Féile’. Fógraíodh na hainmniúcháin inné ar Facebook.
 

 
Tá Féile na Meán Ceilteach, an fhéile meán is faide ar bun agus is iomráití sna náisiúin Cheilteacha, tar éis na hainmniúcháin a fhógairt do na Gradaim Torc. Fógrófar na buaiteoirí ag ócáid ar líne mar chuid den fhéile dhigiteach a bheidh ar siúl idir an 7 agus 9 Meán Fómhair. Den chéad uair i stair na féile, beidh Féile na Meán Ceilteach saor in aisce do na toscairí go léir a bheidh ag freastal ar imeachtaí na féile. Beidh ainmniúcháin as Éirinn, ón Eoraip agus as an Ríocht Aontaithe san iomaíocht i 26 chatagóir sna Gradaim Torc lena n-áirítear Cúrsaí Reatha, Coiméide, Raidió, Ealaíon, Fíorasach agus Spórt. Tá dhá chatagóir nua curtha leis na gradaim i mbliana, Gradam don Ghnéclár Faisnéise is fearr agus Gradam do Chlár Ceoil Beo.
 

Den chéad uair riamh, fógraíodh ainmniúcháin do phríomhghradam Fhéile na Meán Ceilteach ‘Spiorad na Féile’. Roimhe seo, ba iad moltóirí idirnáisiúnta a bhronnfadh Spiorad na Féile ó liosta na n-ainmniúchán, ach den chéad uair i mbliana, ba iad giúiréithe Náisiúnta a d’ainmnigh a rogha féin don ghradam.
 

Is iad seo a leanas na hainmniúcháin:
 
Ealaín – Liam O’Flynn – Píobaire
Fadscannán faisnéise faoi mháistir na bpíob, Liam Óg Ó Floinn, ón tráth a bhí sé ina bhall den sárghrúpa ceoil, Planxty, go dtí a shaothar ceannródaíoch ceolfhoirne The Brendan Voyage. Léirithe ag Doubleband Films.
 
Clár do Pháistí – Is Eolaí Mé
An dara sraith den chlár iomráiteach Is Eolaí Mé. Sraith eolaíochta shiamsúil a thugann léargas taitneamhach, físiúil agus greannmhar ar an eolaíocht agus ar an timpeallacht. I ngach eagrán fiosraítear téama eolaíochta, ag tarraingt ar Churaclam Náisiúnta na Bunscoile, ar shlí spreagúil agus nuálach. Cuireann an láithreoir Peadar Ó Goill tús le gach clár le ceist an lae. Le cabhair ónár dtuairisceoir Caitríona Ní Chualáin agus ó na haíonna óga, trí chuairt a thabhairt ar ionaid éagsúla, trí thurgnaimh eolaíochta a dhéanamh agus trí aithne a chuir ar Eolaí an Lae, tiocfaidh muid ar fhreagra na ceiste. Léirithe ag Fíbín.
 
Siamsaíocht Fhíorasach – Slí na mBeaglaoich
Téann Breanndán Ó Beaglaoich agus a mhac Cormac faoi thuras bóthair i seanveain ar chósta thiar na hÉireann – ó Chiarraí go Dún na nGall. Déanfaidh siad ceiliúradh ar an gceol ar leith a bhaineann leis na contaetha ar fad agus buailfidh siad le cairde, ceoltóirí agus ealaíontóirí ar an mbealach. Léirithe ag Tyrone Productions.
 
Sraith Fhíorasach – An Bhoirinn
Ar chósta thiar na hÉireann, san áit a dtagann muir agus tír le chéile, atá an Bhoirinn. Tá cáil i bhfad agus i ngearr ar an gceantar de bharr na tírdhreacha, an flóra agus an fána agus cumhacht na haolchloiche. Cuirfimid eolas sa tsraith seo ar an taobh tíre eile ar leith seo in iarthar na hÉireann, ar mhuintir na háite a dhéanann cúram de agus orthusan a tháinig chun tamall a chaitheamh ann ach nár imigh riamh. Turas álainn ar cheantar álainn ann féin. Léirithe ag Phoenix Films.
 
Gnéchlár Faisnéise agus ainmniúchán do ghradam Spiorad na Féile – Treibh na nDéithe
Is áit ann féin é Toraigh, ceann de na hoileáin is iargúlta in Éirinn agus a bhfuil cónaí ar phobal Gaeltachta de chúpla céad duine ann. Mothaíonn lucht an oileáin go bhfuil siad scoite amach agus i bhfad ar an imeall ó na daoine a dhéanann na cinntí móra i mBaile Átha Cliath. Cén chaoi ar féidir leis an bpobal seo, atá ar imeall na hÉireann agus na hEorpa, an saol atá acu a chaomhnú? Léirithe ag Lugh Films.
 
Stair – Cogadh ar Mhná
Ar feadh na mblianta, measadh Réabhlóid na hÉireann a bheith eisceachtúil sa mhéid is nár tharla foréigean gnéis in aghaidh na mban lena linn mar a tharla i mbeagnach gach cogadh eile ar fud an domhain. Áitíonn an clár faisnéise seo nach fíor sin. Scéalta na mban a d’fhulaing foréigean gnéis le linn na Réabhlóide atá faoi chaibidil sa chlár seo, scéalta a coinníodh faoi chos chun stair agus cáil na tíre a chosaint. – Léirithe ag Forefront Productions.
 
Gearr-Fhoirm – Le Ceangal
A bhuíochas do Tinder a tarraingíodh Aoife & Declan le chéile. Ach leis an dianghlasáil seo, an imeoidh an grá le gaoth! 8 gclár drámaíochta nua ar líne 5 nóiméad ar fad bunaithe ar thréimhse Covid-19 is ea Le Ceangal, an Zoomcom! Léirithe ag Tua Films do BLOC.
 
Clár Faisnéise Aonair – Ciara Ní É – Saol trí Ghaeilge
Ba ait agus ba mhí-chompordach riamh an gaol a bhí ag cainteoirí Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht leis an Stát. Chuir bunú Gaelscoileanna sna 1970idí tús le réabhlóid i gcathracha agus i mbailte na tíre agus tugadh áit don Ghaeilge i ngnáthshaol na mbailte sin. Sa gclár seo díreoidh an file Ciara Ní É ar dhíograis an phobail sin inniu, pobal atá tar éis borradh gan choinne a chur faoin teanga, borradh a tháinig ón talamh aníos ar bheagán tacaíochta ón stát. Léirithe ag Aniar TV.
 
Clár Faisnéise Spóirt Laochra Gael – Kieran Donaghy
Insítear scéal an pheileadóra as Ciarraí, Kieran Donaghy, sa chlár seo. Tá 4 bhonn uile Éireann, 3 ghradam All Star agus Gradam Pheileadóir na Bliana buaite ag Kieran Donaghy. Is scéal ar leith é scéal an fhir ar a dtugtar Star – scéal a thosaigh leis na Underdogs ar TG4, scéal faoi mheath agus athbheochan agus ar ndóigh Joe Brolly. Mar bharr air sin uile bhí an caidreamh casta agus crua a bhí aige lena athair a raibh tionchar aige ar gach a ndearna sé ar pháirc na himeartha. Léirithe ag Nemeton Teo.
 
 
Dúirt Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont, “Tá ríméad ar TG4 deich n-ainmniúchán a fháil ó Fhéile na Meán Ceilteach. Taispeánann na hainmniúcháin seo an raon clár atá ag TG4 atá léirithe ar ardchaighdeáin don lucht féachana. Táimid ag tnúth le féile dhigiteach na bliana seo a bheidh saor in aisce lenár gcomhghleacaithe as Albain, an Bhreatain Bheag, Sasana agus Éire agus as an Eoraip chun an chuid is fearr de na Meáin Cheilteacha a cheiliúradh.”
 

Tá liosta iomlán na n-ainmniúchán ar fáil anseo: www.celticmediafestival.co.uk/nominees
 
 
 

Teagmháil do na Meáin TG4:
Deirdre Ní Choistín | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie


Cuir aithne orainn: