Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

RTÉ agus TG4 tagtha le chéile chun Craobhchomórtas Rugbaí Aontaithe a chur ar fáil saor go haer do lucht leanúna na hÉireann

RTÉ agus URC ag obair as lámha a chéile chun seirbhís OTT idirnáisiúnta a chur ar fáil

16.06.21


 
Tá mórtas ar RTÉ agus ar TG4 a bheith tagtha le chéile chun rugbaí club de scoth an domhain a chur ar fáil saor go haer do lucht féachana agus éisteachta na hÉireann as seo go ceann ceithre bliana. Tá sé fógartha ag na heagraíochtaí meán seirbhíse poiblí go bhfuil na cearta craolacháin faighte acu don Chraobhchomórtas Rugbaí Aontaithe (URC) nua trína gcinnteofar go mbeidh sé ar fáil saor go haer den chuid is mó do lucht féachana agus éisteachta na hÉireann as seo go ceann ceithre bliana.
 

Tá na cearta faighte ag RTÉ ar chlúdach beo teilifíse, raidió agus ar líne do 26 cluiche ina mbeidh cúigí na hÉireann sa sraithchomórtas, chomh maith le cluichí díbeartha eile.
 

Beidh Rugbaí Beo TG4 fós ar an gclár rugbaí suaitheanta ag an stáisiún a chraolfaidh 26 cluiche ina mbeidh clubanna chúigí na hÉireann chomh maith le 16 cluiche ina mbeidh foirne clubanna idirnáisiúnta.
 

Beidh cluiche ceannais an URC ar fáil saor go haer freisin agus RTÉ agus TG4 á chraoladh beo gach dara bliain.
 

Cuirfear tús leis an gCraobhchomórtas Rugbaí Aontaithe i Meán Fómhair, a thabharfaidh foirne reatha an PRO14 agus na clubanna is fearr san Afraic Theas le chéile chun sraithchomórtas 16 foireann den chéad scoth a bhunú.
 

Tá sé fógartha ag RTÉ freisin go bhfuil an stáisiún ag obair le URC ar sheirbhís dhomhanda OTT a sheoladh chun go mbeidh an craobhchomórtas ar fáil ag lucht féachana agus éisteachta ar fud na cruinne. Fógrófar sonraí faoi sheirbhís dhomhanda nua URC amach sa samhradh.
 

Is éard a dúirt Dee Forbes, Príomh-Stiúrthóir RTÉ: “Tá an-ríméad orainn a bheith páirteach sa Chraobhchomórtas Rugbaí Aontaithe nua. Tá an-áthas ar RTÉ dul i mbun comhpháirtíochta le URC agus le TG4 chun a chinntiú go bhfaighidh an Craobhchomórtas nua chomh maith le cúigí na tíre an aird is mó is féidir agus go mbainfidh lucht féachana agus éisteachta na hÉireann sult as an aicsean saor go haer. Iarracht foirne idir URC, RTÉ agus TG4 atá i gceist agus is iontach an toradh é do lucht leanúna rugbaí na hÉireann. Tá an-áthas orainn freisin a bheith i mbun comhoibrithe le URC seirbhís dhomhanda OTT nuálach nua a sheoladh chun a chinntiú go mbainfidh lucht leanúna ar fud an domhain sult as an aicsean URC is fearr.”
 

Is éard a dúirt Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4: “Tá an-áthas ar TG4 a bheith i bpáirt le RTÉ chun an Craobhchomórtas Rugbaí Aontaithe nua a chur faoi bhráid lucht féachana agus éisteachta na hÉireann. Ó tharla gur craoltóirí seirbhíse poiblí iad tuigeann an dá eagraíocht an tábhacht a bhaineann le clúdach spóirt cuimsitheach, nuálach agus tarraingteach don lucht féachana agus éisteachta agus tuigeann said an t-éileamh atá acu air sin. Táimid paiseanta an t-aicsean is fearr spóirt a chur faoi bhráid an lucht féachana agus éisteachta chomh maith leis an gclúdach ar an aicsean sin a chur ar fáil saor go haer agus ar bhealach a mbeidh teacht ag gach duine den lucht leanúna air.”
 

Martin Anayi, Príomhfheidhmeannach Chraobhchomórtas Rugbaí Aontaithe: “Tá clúdach Saor go hAer fíortharraingteach maidir le gach spórt i dtaobh freastal a dhéanamh ar an lucht féachana agus éisteachta is forleithne agus is féidir agus tá an-ríméad ar an dá chomhpháirtí atá againn, TG4 agus RTÉ, an Craobhchomórtas Rugbaí Aontaithe a sheoladh.”

“Tá cumas faoi leith léirithe ag TG4 agus ag RTÉ araon imeachtaí spóirt idirnáisiúnta mór le rá a chur ar fáil agus tá an dá stáisiún nuálach maidir lena réimsí féin. Tá diminsean nua curtha ag TG4 lenár gcluichí, déantar sin le treorú na réiteoirí ó na seomraí feistis agus agallaimh cóitseála le micreafón a dhéantar roimh na cluichí a thugann léargas don lucht leanúna ar a tharlaíonn sa chúlra.”

“Tá taithí ag RTÉ ar ócáidí móra spóirt leis na deicheanna de bhlianta agus is léir ónár gcinneadh dul i mbun comhpháirtíochta leo maidir lenár seinnteoir OTT – URC TV – gur craoltóir é RTÉ atá ábalta dul in oiriúint d’éilimh ón mhargadh agus tairiscint fhíorchruthaitheach a chur ar fáil do shealbhóirí na gceart leis an gcur chuige déach seo, atá léirithe ag GAA GO.”

“Daingnímid an oidhreacht a bhaineann leis an gcomhlachas atá againn le TG4 ó chéad laethanta na Sraithe Ceiltí agus cuirimid fáilte ar ais roimh ár seanchairde in RTÉ chun tairiscint fíorchumhachtach ar fad a chur ar fáil don lucht féachana agus éisteachta is forleithne in Éirinn roimh na chéad chluichí URC i Meán Fómhair.”
 

Tháinig RTÉ agus TG4 le chéile roimhe seo le Corn Domhanda FIFA na mBan 2019 a thaispeáint ar an teilifís den chéad uair.
 

Ó chraol TG4 an tSraith Cheilteach den chéad uair in 2001,tá rugbaí ina ghné lárnach de chlúdach spóirt fairsing an stáisiúin. Tá TG4 i dtús cadhnaíochta ó thaobh na nuálaíochta maidir le clúdach rugbaí, le treorú na réiteoirí sa chúlra, agallaimh roimh na cluichí agus cúlmhonatóireacht fuaime ó na cóitseálaithe.
 
Cuireann fógra an lae inniu leis na cearta atá faighte ag RTÉ le déanaí lena n-áirítear Craobh na Sé Náisiún, Sraith na gCuradh agus cearta a bhfuil síneadh curtha leo leis an FAI agus Rásaíocht Capall Éireann.
 
 
 

Teagmháil do na Meáin:

TG4
Deirdre Ní Choistín | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie

RTÉ
Sharon Brady | Bainisteoir Sinsearach Cumarsáide, RTÉ | Sharon.brady@rte.ie


Cuir aithne orainn: