Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Misneach - Tom Clonan

05.10.21

MISNEACH

Dé Céadaoin 13 Deireadh Fómhair 9.30i.n ar TG4

 

 

Áit uaigneach í Éire don sceithire, agus is mar sin a bhí sé riamh. Go stairiúil, bhíodh fulaingt i ndán dóibhsean a sheasfadh suas agus a labhródh amach, mar gheall ar a nochtuithe. Tá sé d’aidhm leis an Acht um Nochtadh Cosanta 2014 cosaint a thabhairt dóibhsean a labhraíonn amach.

Ach céard fúthu sin a labhair amach sula raibh cosaint dá leithéid ann?

21 bliain ó shin, fad a bhí PhD á dhéanamh aige agus é ina chomhalta d’Óglaigh na hÉireann, nocht Tom Clonan cultúr leithcheala, ciaptha, bulaíochta, ciaptha gnéis agus ionsaithe gnéis dírithe ar chomhaltaí mná in Óglaigh na hÉireann.

Ina dhalta oifigigh a chuaigh Tom Clonan in Óglaigh na hÉireann sa bhliain 1989. Coimisiúnaíodh é ina oifigeach i mí Aibreáin 1991 agus bhí sé ar cheann de na laethanta ba bhródúla ina shaol.

I 1996, d’iarr Tom cead ar an Arm tús a chur le PhD in DCU agus tugadh dó é. Women in Combat: The status and roles assigned female personnel in the Permanent Defence Forces an teideal a bhí ar an staidéar, a nglacfadh 4 bliana le cur i gcrích.

Bhí na chéad torthaí ó thaighde Tom follasach go leor, agus léiríodh iontu go raibh deighilt ghéar agus dhiúltach inscne ann i leith na hoibre laistigh den eagraíocht. Obair ‘na mban’ a bhí ar siúl ag saighdiúirí mná – is minic a bhí tascanna amhail obair freastalaí i mbialanna na n-oifigeach tugtha dóibh – agus níor tugadh na ceapacháin ceannasaíochta agus oibríochta dóibh a bhí ag teastáil d’fhonn ardú céime a fháil.

De réir mar a chuaigh an taighde ar aghaidh, lorg Tom cead ón gCeann Foirne an tráchtas a chur i gcrích agus é a fhoilsiú nuair a bheadh sé críochnaithe. Ceadaíodh é sin. Idir mí Mheán Fómhair 1998 agus mí Feabhra 2000, chuir Tom 60 saighdiúir mná faoi agallamh.

Chuirfeadh na hagallaimh sin athrú ar shaol Tom go brách. As na 60 bean a cuireadh faoi agallamh, dúirt 59 acu gur tharla eachtraí ina ndearnadh leithcheal, ciapadh, bulaíocht, ciapadh gnéis agus ionsaí gnéis orthu.

Dúirt chuid de na mná a cuireadh faoi agallamh go ndearnadh ionsaí gnéis orthu san ionad oibre, idir chrúbáil, iarrachtaí ar éigniú, agus éigniú. Saighdiúirí singil, oifigigh neamhchoimisiúnaithe agus oifigigh a thuairisc na hionsaithe.

Captaen urramach in Óglaigh na hÉireann ab ea Tom Clonan, a raibh ardmheas air ina Phreasoifigeach agus taithí ceannasaíochta aige ó bheith ar imscaradh thar lear. Thuairiscigh sé a chuid torthaí don Arm agus rinne sé iarratas arís agus arís eile iad a phlé leo.

Bhí Tom muiníneach go gcuirfeadh a oifigigh uachtaracha deireadh leis an bhforéigean córasach a bhí ag dul ar aghaidh i gcoinne a chomhghleacaithe mná.

Bhí dul amú air.

De thoradh taighde a dhéanamh, rinneadh sceithire de Tom agus tá sé ag cur suas le díoltas agus cáineadh ó shin i leith.

Craolfar Misneach – Tom Clonan Dé Céadaoin an 13 Deireadh Fómhair ag 9.30pm ar TG4 agus ar Sheinnteoir TG4. Arna léiriú ag Midas Productions do TG4.
 
 
 

Teagmháil do na Meáin i TG4:

Linda Ní Ghríofa | Eagraí Cumarsáide TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie


Cuir aithne orainn: