Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

TG4 ar fáil ar Sky Q agus Sky Go ó inniu

Curtha ag Sky Ireland agus TG4 leis an gcomhpháirtíocht atá eatarthu trí Sky Q agus Sky Go

07.07.21


 
Tá sé fógartha ag Sky Ireland agus ag TG4 go bhfuil síneadh curtha acu lena gcomhpháirtíocht faoina gcuirfear réimse de chláracha siamsaíochta, drámaíochta agus fíorasacha ar fáil do chustaiméirí in Éirinn trí Sky Q agus tríd an aip Sky Go. Ón lá inniu, beidh custaiméirí Sky anseo in Éirinn ábalta TG4 a shruthú beo tríd an aip Sky Go agus féachaint ar an ábhar is fearr leo de chuid TG4 ag am ar bith in áit ar bith – cuirfidh sin le hábhar féach nuair a fheileann sé tú TG4, a seoladh ar Sky Q ar an 22 Meitheamh.
 
Ciallaíonn fógra an lae inniu go mbeidh lucht leanúna spóirt ábalta féachaint ar shruthanna beo agus ar bhuaicphointí phríomhimeachtaí spóirt, lena n-áirítear Peil na mBan, GAA Beo, FleadhFest agus Tour de France. Beidh breathnóirí Sky ábalta sult a bhaint as príomhchláracha TG4 amhail Hector, Laochra Gael agus Ros na Rún áit ar bith trína n-aip Sky Go, nó féachaint ar ábhar den scoth nuair a fheileann sé iad trí Sky Q. Beidh branda leanaí féin TG4 Cúla4, ar a mbeidh cláracha amhail Is Eolaí Mé, C.L.U.B agus Is Mise, réidh chomh maith chun go mbeidh teaghlaigh ábalta breathnú air cibé uair nó cibé áit is mian leo.
 
Is éard a dúirt Mark Carpenter, Stiúrthóir Gnóthaí Rialála agus Corparáideacha i Sky Ireland: “Is cuid thábhachtach de chultúr na hÉireann é TG4 agus an t-ábhar a chuireann sé ar fáil, agus mar sin tá an-áthas orainn an síneadh ar an gcomhpháirtíocht seo eadrainn a fhógairt do na custaiméirí atá againn in Éirinn. Is sampla den scoth í an chomhpháirtíocht seo atá againn le TG4 ar mar a chuireann an comhar idir craoltóirí agus ardáin ar chumas ár gcuid custaiméirí leanúint de bheith ábalta teacht ar an ábhar is fearr ar bhealach atá solúbtha dóibh.”
 
Chuir Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4, fáilte roimh fhógra an lae inniu agus dúirt: “Tá áthas orm go mbeidh teacht anois ag custaiméirí Sky ar chláracha TG4 nuair a fheileann sé dóibh agus ar ghaireas dá rogha féin. Tá straitéis ‘TG4 Gach Áit’ dírithe ar ábhar Gaeilge a bheith feiceálach agus inaimsithe ar gach ardán teilifíse agus cuirimid fáilte roimh ghealltanas Sky a chinntiú go mbeidh ábhar Gaeilge infheicthe agus feiceálach i measc an ábhair a chuireann Sky Q agus Sky Go ar fáil dá gcuid custaiméirí. Tá súil againn go dtarraingeoidh ábhar TG4 a bheith curtha le Sky aird lucht féachana nua ar chláracha TG4.”
 
Tá Sky Go ar fáil saor in aisce do gach custaiméir Sky Q agus Sky TV agus is féidir é a fháil lena híoslódáil ar iOS, Android, Playstation, Xbox agus gairis táibléid Amazon Fire, chomh maith le PC agus MAC.
 

Teagmháil do na Meáin i TG4:

Deirdre Ní Choistín | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie
 
Teagmháil do na Meáin i Sky:
Neal Cummins | Ceannasaí Cumarsáide Sky Ireland | neal.cummins@sky.ie


Cuir aithne orainn: