Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Sraith nua de Cúla4 ar Scoil le craoladh ar TG4 do dhaltaí bunscoile atá sa bhaile de bharr srianta Covid-19

Sraith nua de Cúla4 ar Scoil le tosú Dé Luain 18 Eanáir ag 10:00am ar TG4

07.01.21

Orla Ní Fhinneadha - Cúla4 ar Scoil
 

Tá TG4 chun sraith nua de Cúla4 ar Scoil a chraoladh ón Luan 18 Eanáir 2021 de bharr cinneadh an Rialtais inné go bhfanfaidh gach bunscoil dúnta go dtí deireadh Mí Eanáir faoi shrianta Covid-19. Craolfar an tsraith ón Luan go Déardaoin ag 10am agus beidh athchraoladh den chlár gach lá ag 4pm.
Cuireadh tús le Cúla4 ar Scoil le linn an chéad tréimhse dianghlasála i mí Aibreáin seo caite chun tacú le tuismitheoirí agus múinteoirí a bhí ag foghlaim ón mbaile fad is a bhí scoileanna dúnta de bharr bearta sláinte poiblí. Tá Cúla4 ar Scoil dírithe ar dhaltaí bunscoile a fhreastalaíonn ar Ghaelscoileanna agus ar scoileanna Gaeltachta.
 

Cuirfidh Orla Ní Fhinneadha an tsraith i láthair le tacaíocht ó na múinteoirí Micheál Ó Dubhghaill, Cian Ó Griallais, Caitríona Nic an tSaoir agus Síle Ní Choncheanainn. Beidh rannpháirtíocht sna cláracha ó Ghaeltachtaí éagsúla. Déanfar an clár a thaifeadadh i Scoil na bhForbacha i nGaeltacht Chonamara.
 
Beidh téama coicíse sa tsraith agus beidh ceachtanna agus formáid bhríomhar spreagúil sa chur chuige, a bheidh ag teacht le spriocanna agus torthaí foghlamtha an churaclaim bunscoile. Clúdófar croí-ábhair an churaclaim ar nós: Gaeilge, Matamatic, Stair agus Tíreolaíocht, ach cuirfear béim freisin ar an gcruthaitheacht, an eolaiocht, na healaíona béil agus ar chúrsaí sláinte agus folláine.
 

Beidh deis ag leanaí páirt a ghlacadh sa chlár ón mbaile agus iarrfar orthu pictiúir nó físeáin dá gcuid oibre a sheoladh isteach chuig an gclár. Beidh ceachtanna agus míreanna ón gclár ar fáil ar YouTube Cúla4 agus na cláracha ar fáil ar shuíomh Cula4.com agus ar TG4.ie
 
Tá an tsraith seo á léiriú le maoiniú ó TG4 agus le comhairle faoin ábhar oideachais agus curaclaim ón Roinn Oideachais, Coláiste Mhuire gan Smál, an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG), An tSeirbhís Um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (PDST) agus Gaeloideachas. Tá comhairle Thuismitheoirí na Gaeltachta curtha san áireamh sa chur chuige a bheidh sa chlár freisin.
 

Ag cur fáilte roimh an bhfógra, dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD: “Bhí ríméad orm a bheith in ann maoiniú breise €1.9 milliún a chur ar fáil do TG4 in 2020 do chostais a bhaineann le COVID-19, go mór mór léiriú Cúla4 ar Scoil, a chuir seirbhís luachmhar ar fáil do pháistí scoile le linn tréimhse luath na paindéime. Tá áthas orm gur shocraigh TG4 an clár seo a chraoladh arís le linn na srianta reatha. Tá TG4 ag dul i ngleic arís eile leis na dúshláin a chuireann COVID-19 romhainn – ag craoladh clár don lucht féachana atá barrthábhachtach, i dtimpeallacht shábháilte. Táim an-sásta chomh maith gur éirigh liom maoiniú breise €3.5 milliún a fháil do TG4 i mBuiséad 2021. Ciallaíonn sé seo gur fiú €40.7 milliún an leithdháileadh a fuair siad chun cabhrú leo a stráitéis iomlán a chur i bhfeidhm.”
 

Dúirt Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit don Ghaeltacht, Jack Chambers TD: “Cuirim fáilte roimh an bhfógra inniu ó TG4. Beidh Cúla4 ar Scoil an-úsáideach arís do pháistí scoile go háirithe i nGaelscoileanna agus i gceantair Ghaeltachta na tíre. Cabhróidh an tseirbhís a chuireann TG4 ar fáil, le cuidiú ó Thuismitheoirí na Gaeltachta, eagraíocht eile a fhaigheannn maoiniú ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, i bhfeidhmiú leanúnach na Stráitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus i bhfeidhmiú an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta, de réir mar a sháraíonn muintir na hÉireann ceann de na constaicí deireanacha i dtréimhse dheiridh na paindéime.”
 

Chuir an tAire Oideachais Norma Foley fáilte roimh an bhfógra ag rá: “Tá lúcháir orm go mbeidh an tsraith iontach seo ar ais ar TG4 go luath. Tá siamsaíocht den scoth agus oideachas trí mheán na Gaeilge le fáil ar Cúla4 ar Scoil do pháistí na tíre ann. Tá nach mór 300 scoileanna sa tír ag feidhmiú trí Ghaeilge idir ghaelscoileanna agus scoileanna sa Ghaeltacht agus tá an tsraith seo ríthábhachtach dóibh siúd ach go háirithe agus dá dteaghlaigh chomh maith. Cabhróidh sé freisin leis an obair atá á dhéanamh ag bunscoileanna ó lá go lá agus ní mór do pháistí atá ag freastal ar scoileanna trí mheán an Bhéarla, súil a chaitheamh ar an tsraith chomh maith, go háirithe nuair atá na scoileanna dúnta.”
 

Dúirt Siobhán Ní Bhrádaigh, Eagarthóir do Dhaoine Óga i TG4: “Tá TG4 sásta go bhfuilimid in ann tacaíocht oideachasúil a chur ar fáil do dhaltaí agus a dtuismitheoirí arís i mbliana nuair atá siad ag foghlaim sa bhaile mar gheall ar scoileanna a bheith dúnta. Is cabhair mhór an clár do pháistí atá ag freastal ar bhunscoileanna lán-Gaeilge agus ar scoileanna Gaeltachta. Táimid buíoch as an treoir leanúnach ó na heagrais oideachais a thugann treoir dúinn an tsraith a léiriú agus táimid buíoch as tuairimí Tuismitheoirí na Gaeltachta agus as díograis an fhoireann léirithe i Meangadh Fíbín.”
 
Is é an comhlacht léirithe Meangadh Fíbín a bheidh i mbun Cúla4 ar Scoil a léiriú.

 
 

Teagmháil do na Meáin:
Deirdre Ní Choistín, Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie

Cuir aithne orainn: