Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Cumhacht an Nádúir

Clár faisnéise nua, ina dhá chuid, le Red Pepper Productions
TG4 24 & 31 Márta 2021, 9.30in

12.03.21

Á chur i láthair ag Darach Ó Murchú | Stiúrthóir: Martin Danneels
 

 
Clár Faisnéise nua ina dhá chuid le haghaidh TG4 is ea Cumhacht an Nádúir agus breathnaíonn sé ar an gcaoi ar thug an nádúr sólás do dhaoine le linn na paindéime seo agus an bealach a bhféadfadh sé seo díospóireacht a spreagadh i dtaobh cur le gnáthóga le haghaidh ainmhithe fiáine agus i dtaobh bainistiú talún.
 

Pic: Darach Ó Murchú
 
Rud dearfach a tháinig as an gcoróinvíreas is ea an bealach ar thosaigh go leor againn ag cur níos mó suime inár dtimpeallacht nádúrtha agus ag dul amach ag fámaireacht. Ba mhór an faoiseamh dúinn é le linn na paindéime seo go raibh muid in ann aghaidh a thabhairt ar an bhfiántas, ar na cóstaí agus ar na fearainn pháirce. Sa chlár faisnéise seo, Cumhacht an Nádúir, a thaispeánfar ina dhá chuid, gheobhaidh muid amach an ndeachaigh an tuiscint nua seo dár gcuid chun tairbhe don fhiadhúlra agus an bhféadfadh, de bharr muid a bheith faoi dhianghlasáil, go mbeadh níos mó cothromaíochta idir an duine agus an nádúr.
 

Pic: John Bhaba Jeaic Ó’Conghaile agus Darach Ó Murchú
 
Céard a tharlaíonn nuair a thiteann tost aisteach agus álainn ar na suímh, nuair a bhíonn deis ag an nádúr a anáil a tharraingt agus teacht chuige féin? An bhfuil níos mó fonn orainn, i ndiaidh an dá mhí dhéag atá curtha tharainn againn, aire a thabhairt do na ceantair fhiáine agus iad a leathnú amach?

Faoi stiúir an láithreora Darach Ó Murchú, teagascóir ar chúrsaí imshaoil ar tugadh cead dó taisteal taobh amuigh de theorainneacha a cheantair féin, tabharfaimid cuairt ar chuid de na háiteanna is cáiliúla agus is mó a mbíonn turasóirí ag tarraingt orthu, in Éirinn: Cionn Mhálanna, Na Blascaodaí, Gleann Dá Loch, agus Garinis, chomh maith le spásanna pobail agus radhairc áille sa gceantar máguaird. Feiceann muid na háiteanna seo agus gan deoraí, ar éigean, ag tabhairt cuairte orthu agus gheobhaidh muid amach mar d’éirigh leis an bhfiadhúlra dár n-uireasa. I ndiaidh na dianghlasála rachaidh muid ar ais arís le breathnú cén chaoi a bhféadfaí bainistiú níos fearr a dhéanamh ar na láithreacha seo sna blianta ríthábhachtacha atá amach romhainn.

Ní hé amháin gur mhúscail an phaindéim agus an dianghlasáil a bhain léi ár spéis sa nádúr, ach d’fhéadfadh sé freisin gur athraigh siad ár stíl mhaireachtála go fadtéarmach, agus as sin go dtiocfadh laghdú ar ár n-astaíocht charbóin. Is gá na speicis dhúchasach a bhí ruaigthe a thabhairt ar ais, a chinntiú nach scriosfar tuilleadh gnáthóga nádúrtha agus athshlánú a dhéanamh ar ár bportaigh agus ar na ceantair fhiáine. Léirigh an phaindéim seo dúinn go bhfuil muid in ann glacadh go fonnmhar le hathruithe; spreag sí muid chomh maith le cuairt a thabhairt ar thionscnaimh a thacaíonn leis an bhfiadhúlra agus leis an mbithéagsúlacht.
 

Pic: Darach Ó Murchú
 
Rinneadh an scannánaíocht idir mí Márta agus tús mhí na Nollag agus tugtar lánléargas sa dá eagrán ar chuid den tír le linn na dianghlasála.

Tráth a raibh muid ag clutharú nó ag féinleithlisiú, ag dul ar shiúlóidí nó ag reathaíocht taobh istigh de na teorainn dhá mhíle nó cúig mhíle, céard a bhí ag titim amach i gcuid de na háiteanna is mórthaibhsí agus is mó le rá dá bhfuil againn? Cén tionchar a bhí ag na míonna ar fágadh tréigthe iad ar na láithreacha nádúrtha a mbíonn earnáil iomlán ag brath orthu de ghnáth? Agus céard atá le foghlaim againn ón méid seo?

* Tá fáil, ach iad a iarraidh, ar agallaimh leis an láithreoir Darach Ó Murchú agus leis na rannpháirtithe *
Tá fáil ar chóip réamhléirithe, ach é a iarraidh.

I measc na gclár faisnéise atá déanta ag Red Pepper Productions’ (www.redpepper.ie) roimhe seo tá Fota: Into the Wild (VMTV, 2020), Born Addicted (RTÉ2, 2015) and Tar Abhaile (TG4, 2013).

Ba é Martin Danneels a stiúir na cláir faisnéise ‘Reality Bites’ ar RTÉ 2, a moladh go hard: Ireland’s Sulky Racers agus Rural Addiction. Le deireanas stiúir sé na cláir faisnéise cheannródaíocha Will Ireland Survive 2050? do RTÉ. Roimhe seo, i measc cláir eile, rinne sé How the Irish have Sex (2009), sraith a bhí ainmnithe do ghradam IFTA, agus Only Fools Buy Horses (2004).
 

EOLAS SCEIDIL

Cumhacht an Nádúir

@ 9.30in, 24 Márta & 31 Márta 2021, ar TG4
 
 

Eolas Breise:
Linda Ní Ghríofa, Eagarthóir Cumarsáide TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: