Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Gradam Torc 'Spiorad na Féile' bronnta ar Treibh na nDéithe ag Féile na Meán Ceilteach

13.09.21

Bronnadh gradam ‘Spiorad na Féile’ ar chlár faisnéise de chuid TG4, ‘Treibh na nDéithe, ag Gradaim Torc Fhéile na Meán Ceilteach. Fógraíodh na gradaim ar líne. Bronntar ‘Spiorad na Féile’ ar chlár atá go hiomlán nó nach mór go hiomlán i dteanga Cheilteach agus a chuimsíonn spiorad agus éiteas na Féile.

Insítear scéal phobal Thoraí sa chlár faisnéise Treibh na nDéithe. Ní hí an fharraige amháin atá idir oileáin agus an mórthír. Is áit ann féin é Toraigh, oileán atá ar cheann de na hoileáin is scoite amach in Éirinn agus a bhfuil cónaí ar phobal Gaeltachta de chúpla céad duine ann. Mothaíonn lucht an oileáin go bhfuil siad scoite amach agus i bhfad ar shiúl ó na daoine a dhéanann na cinntí móra i mBaile Átha Cliath. Cén dóigh ar féidir leis an phobal seo, atá ar imeall na hÉireann agus na hEorpa, saol ar leith s’acu féin a chaomhnú?

Is éard a dúirt an Giúiré Idirnáisiúnta faoin gclár, “Is píosa ealaíne é an scannán, agus insint ar stair shóisialta agus scéal oileáin.” Is iad Lugh Films a léirigh an clár agus is comhléiriú é idir Éire agus an Bhriotáin.
 

 
Bronnadh gradam Torc ar Le Ceangal don tsraith Gearr Fhoirm is fearr, fógraíodh sin níos luaithe an tseachtain seo. Is sraith dhrámaíochta 8 gcuid é Le Ceangal a bhí ar fáil ar an idirlíon agus na meáin shóisialta. Scéal grá atá i Le Ceangal a d’eascair ón bpaindéim Covid-19. Insítear scéal Aoife agus Declan nach raibh i bhfad in éindí nuair a thosaigh an dianghlasáil. Féachann siad lena gcaidreamh a choinneáil slán ó chian, idir ghlaonna WhatsApp agus thráth na gceist ar Zoom, ach an éireoidh leo agus iad chomh fada sin óna chéile? Tá gach eipeasóid 5 nóiméad ar fhad. Is iad Tua Films a léirigh Le Ceangal do BLOC, ardán ar líne TG4 do dhaoine faoi 35 bliain.
 

 

Tá Féile na Meán Ceilteach ag ceiliúradh 42 bliain ar an bhfód i 2021, an fhéile meán is faide agus is iomráití sna tíortha Ceilteacha.
Faigheann Féile na Meán Ceilteach tacaíocht ó chraoltóirí, eagraíochtaí scannán, eagraíochtaí cultúir agus eagraíochtaí forbartha eacnamaíochta sna tíortha Ceilteacha. Tá an fhéile maoinithe go príomha ag: RTÉ, TG4, BBC Wales, BBC Tuaisceart Éireann, MG ALBA, BBC Scotland, S4C, Televisión de Galicia, BBC England, Údarás Craolacháin na hÉireann, Scáileán Thuaisceart Éireann, Fís Éireann, Screen Scotland agus Comhairle Éireannach na Breataine.

Dúirt Ard-Stiúrthóir TG4 Alan Esslemont, “Faoi láthair sa tionscal closamhairc, tá uainiú agus móiminteam na dtíortha Ceilteacha inár bhfabhar. Sa Ríocht Aontaithe, cuireann an plean a nocht Ard-Stiúrthóir an BBC, Tim Davie, na tíortha Ceilteacha agus na réigiúin i gcroílár na n-athruithe agus na gcinntí atá le déanamh inti le blianta fada. Tá súil againn in Éirinn freisin go dtabharfaidh Coimisiún um Thodhchaí na Meán múnla nua maoinithe do na meáin in Éirinn a bheidh níos cothroime agus níos inbhuanaithe. Lasmuigh den Bhreatain agus d’Éirinn tá lorg Fhéile na Meán Ceilteach ag fás go suntasach sa Ghailís agus sa Bhriotáin.

Is fianaise iad an dá ghradam a bronnadh ar TG4, ‘Spiorad na Féile’ agus Torc do Ghearr-Fhoirm ar chaighdeán agus cruthaitheacht na léiritheoirí neamhspleácha atá ag obair le TG4 a sheasann leis na léiritheoirí is fearr go hidirnáisiúnta. D’inis scannán amháin scéal cheann de na pobail Ghaeltachta is cáiliúla agus is scoite amach atá le hinsint agus is scéal grá láidir é Le Ceangal a bhí léirithe d’ár n-ardán óige BLOC. Is léiriú é an éagsúlacht sin ar an éagsúlacht atá ag TG4 le 25 bliain anuas ó bunaíodh é. Déanaim comhghairdeas le gach comhlacht a fuair ainmniúchán do na gradaim Torc i mbliana agus go háirithe leis an dá chomhlacht Lugh Films agus Tua Films a bronnadh na gradaim orthu.”
 
 
 

Teagmháil do na Meáin TG4:
Deirdre Ní Choistín | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie


Cuir aithne orainn: