Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

TG4 & Fís Éireann

Cúig shraith drámaíochta roghnaithe le forbairt a bheidh dírithe ar lucht féachana faoi bhun 35 bhliana le tacaíocht ó Screen Ireland / Fís Éireann agus TG4

11.08.21

Logo TG4Fís Éireann
 

Tá cúig sraith drámaíochta roghnaithe ag TG4, i gcomhar le Fís Éireann/Screen Ireland le forbairt do lucht féachana níos óige, faoi 35 bhliana. Beidh an cúig bhunsraith nua, charachtar-bhunaithe, comhaimseartha agus siamsúil agus táthar ag súil go meallfaidh siad glúin eile ilchineálach de lucht spéise drámaíochta TG4. Tá na sraitheanna a roghnaíodh i nGaeilge agus is scéalta éagsúla, comhaimseartha, áitiúla iad a bhfuil tarraingt náisiúnta agus idirnáisiúnta iontu.Bhí maoiniú ar fáil do dhrámaíocht teilifíse mar chuid den bPacáiste Tacaíochta €3 mhilliún le Poist a Spreagadh a d’fhógair rialtas na hÉireann i Mí Iúil 2020. Is mar thoradh ar an bpacáiste tacaíochta go raibh deis do TG4 agus Fís Éireann aighneachtaí a lorg ón earnáil neamhspleách léiriúcháin chun drámaíocht a fhorbairt. Cuirfear maoiniú forbartha ar fiú suas le €50,000 an ceann ar fáil chun na sraitheanna a thabhairt chuig leibhéal léiriúcháin. Beidh meantóir ar fáil do na comhlachtaí atá roghnaithe arna mholadh ag Fís Éireann chun tacú leis an bhforbairt drámaíochta. Tá TG4 agus Fís Éireann ag súil go mbeidh ceann de na cúig tograí atá roghnaithe le forbairt ag dul i mbun léiriúcháin roimh dheireadh 2021.

Is iad na cúig drámaí atá roghnaithe le forbairt ná Saor Sin Ó Olc, sraith mistéir, faoi mharú agus bean atá faoi bhrú atá á fhorbairt ag Fíbín Media. Tá Blinder Films ag forbairt Ag briseadh Tríd, dráma grinn faoi dhéagóir atá ag caoineadh agus í ag streachailt chun í féin a aimsiú. Sna Cailíní Aimsire a bheidh forbartha ag Danú Media leanfaidh an tsraith an saol laethúil agus slite beatha atá ag triúr bean meitéareolaithe agus a comrádaí tí tubaisteach, atá mar thiarna talún acu. In An Bua le Tua Films, déanfar iniúchadh ar Éirinn nua-aimseartha trí lionsa bhuíon carachtar atá fiáin, scaoilte, agus éagsúil óna chéile, geimhle dá gcuid féin á gcaitheamh díobh ar feadh an ama. Trí chártaí, gnéas, agus cairdeas, tabharfaidh an tsraith mar a bheadh freagra na hÉireann ar Euphoria. Inseofar scéal chailín atá dóchasach faoin dtodhchaí agus í ag iarraidh a háit a bhaint amach agus céard a tharla nuair a scriosadh an dóchas sin inti sa tsraith Ciontach a bheidh forbartha ag Rosg.

Dúirt Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4, “D’aithin Bord TG4 go bhfuil cláracha do dhaoine óga ar cheann de na réimsí nach bhfuil mórán freastail á ndéanamh orthu, agus aithnímid gur seánra tábhachtach é an dráma do na déimeagrafaigh éagsúla ar fad atá níos óige. Cúig bliana déag ó shin, léiríodh leis an tsraith ‘Aifric’ gurbh ann do na daoine cumasacha don teilifís agus do dhúil an lucht féachana araon. Ach bearna rófhada is ea bearna cúig bliana déag, agus tá sé thar am againn tiomantas a dhéanamh chun freastal ar lucht féachana óg na hÉireann ar bhealach leanúnach, inmharthana le sraith drámaíochta Gaeilge. Tháinig fadscannáin den chaighdeáin is airde as comhpháirtíocht Cine4 TG4 i gcomhar le Fís Éireann agus BAI cheana féin agus creidimid go leagfar bunsraith leis an gcomhoibriú nua seo le Fís Éireann a réiteoidh an bealach le go dtiocfaidh roinnt sraitheanna bunaidh nuálacha drámaíochta i nGaeilge chun cinn.”

Is éard a dúirt Désirée Finnegan, Príomhfheidhmeannacht Fís Éireann/Screen Ireland: “Cuireann sé lúcháir orainn a bheith ag tacú leis na cúig shraith a roghnaigh TG4 lena bhforbairt. Ní féidir luach a chur ar an bPacáiste chun Dráma Teilifíse a Spreagadh, a bhronn an tAire Catherine Martin T.D. ar Fhís Éireann, maidir le haitheantas a thabhairt don dúil láidir atá ann go domhanda i scéalta úrnua atá á n-insint ag daoine níos óige na linne seo dá leithéid féin. Táimid ag súil go mbeidh ceann de na sraitheanna seo á forbairt roimh dheireadh na bliana agus táimid ag tnúth le meántóireacht agus tacaíocht a chur ar fáil do na cúig chomhlacht léiriúcháin ar fad a roghnaíodh chun páirt a ghlacadh sa scéim seo.”
 

Teagmháil do na Meáin i TG4:

Linda Ní Ghríofa | Eagraí Cumarsáide TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie


Cuir aithne orainn: